Skip to main content
Environment
Srianta AE ar phlaistigh aonúsáide áirithe

Faisnéis agus acmhainní ar rialacha nua AE maidir le plaistigh aonúsáide

Tá AE ag gníomhú i gcoinne truailliú plaisteach. Ón 3 Iúil 2021, ní féidir plátaí, sceanra, tuí, bataí balún agus bachlóga cadáis plaisteacha aon-úsáide a chur ar mhargaí Bhallstáit AE. Ina theannta sin, baineann an beart céanna le cupáin, coimeádáin bia agus dí déanta as polaistiréin leathnaithe, agus gach táirge déanta as plaisteach oxo-dhíghrádaithe.

Déantar táirgí plaisteacha aonúsáide go hiomlán nó go páirteach as plaisteach agus de ghnáth tá siad ceaptha d'úsáid amháin nó ar feadh tréimhse ghearr sula gcaitear amach iad. Faoi na rialacha nua, tá cosc ar tháirgí plaisteacha caiteacha áirithe a bhfuil roghanna eile ann dóibh. Tugtar bearta sonracha isteach freisin chun úsáid táirgí áirithe a laghdú.

Cén fáth a bhfuil AE ag dul i ngleic le bruscar plaisteach?

Is plaistigh iad níos mó ná 80% de bhruscar mara. Cruinníonn plaisteach sna farraigí, sna haigéin agus ar thránna AE agus ar fud an domhain. Faightear iarmhair phlaisteacha i speicis mhuirí – mar thurtair mhara, rónta, míolta móra agus éin, ach freisin in iasc agus i sliogéisc, agus mar sin sa slabhra bia daonna.

Cé gur ábhar áisiúil, úsáideach agus luachmhar é plaistigh, caithfear iad a úsáid, a athúsáid agus a athchúrsáil ar shlí níos fearr. Nuair a chaitear sa timpeallacht iad, bíonn tionchar eacnamaíoch ag plaistigh ní amháin i bhfoirm luach eacnamaíoch caillte san ábhar, ach freisin ó thaobh glanadh suas agus caillteanais don turasóireacht, don iascach agus don loingseoireacht.

Foilseacháin

Bileog ina n-achoimrítear rialacha AE a dhíríonn ar an méid mór fearas plaisteach agus iascaireachta aonúsáide ina bhfuil plaisteach.

An taoide a chasadh ar phlaistigh aonúsáide

Beochana

Féach beochan ar chuid de na míreanna plaistigh aonúsáide a chumhdaítear le rialacha nua AE

Baitíní cadáis

Sceanra

Tuí

 

Físeáin

Féach ar an bhfíseán chun an fhírinne mí-áisiúil faoi phlaistigh aonúsáide a fháil

 

Meirgí Meán Sóisialta

Íoslódáil meirge plaistigh aonúsáide le húsáid ar ardáin éagsúla Meán Sóisialta

15 MEITHEAMH 2021
Social Media SUP banners
English
(4.07 MB - ZIP)
Íoslódáil

 

Rialacha AE

Gníomh AE maidir le plaistigh aonúsáide

© solarseven / Getty Images

Tá AE ag dul i ngleic leis na 10 mír phlaisteacha aonúsáide is coitianta a fhaightear ar thránna na hEorpa, agus tá roghanna malartacha inbhuanaithe á gcur chun cinn aige.