Skip to main content
Environment

Straitéis Bithéagsúlachta do 2030

Cuspóirí

Is é is aidhm don Straitéis Bhithéagsúlachta bithéagsúlacht na hEorpa a chur ar bhealach a téarnaimh faoi 2030, rud a rachaidh chun tairbhe do na daoine, don aeráid agus don phláinéad.

Sa chomhthéacs tar éis COVID-19, tá sé d’aidhm ag an straitéis teacht aniar ár sochaithe a fhorbairt i gcoinne bagairtí amach anseo, cuir i gcás:

  • iarmhairtí an athraithe aeráide
  • dóiteáin foraoise
  • neamhshlándáil an tsoláthair bia
  • ráigeanna galar – lena n-áirítear tríd an bhfiadhúlra a chosaint agus trí thrádáil neamhdhleathach fiadhúlra a chomhrac

Gníomhaíochtaí

Tá gealltanais agus gníomhaíochtaí sonracha sa straitéis atá le cur i gcrích faoin mbliain 2030.

Líonra níos mó de limistéir faoi chosaint ar talamh agus ar muir a chur ar bun ar fud an Aontais

Déanfaidh an tAontas limistéir Natura 2000 atá ann cheana a mhéadú, agus tabharfar dianchosaint do réimsí a bhfuil an-chuid bithéagsúlachta agus luach aeráide ag baint leo.

Plean an Aontais a sheoladh maidir le hathchóiriú an dúlra

Trí ghealltanais agus gníomhaíochtaí nithiúla, tá sé mar aidhm ag an Aontas éiceachórais dhíghrádaithe a athshlánú faoi 2030 agus iad a bhainistiú go hinbhuanaithe, agus aghaidh á tabhairt aige ar na príomhchúiseanna atá le cailliúint na bithéagsúlachta.

Mar chuid den phlean sin, molfaidh an Coimisiún spriocanna athchóirithe dúlra atá ceangailteach faoi dheireadh 2021.

Bearta a thabhairt isteach chunan t-athrú claochlaitheach is gá a chumasú

Leagtar béim sa straitéis ar mhaoiniú a chur ar fáil don bhithéagsúlacht, agus ar chreat rialachais nua neartaithe a chur ar bun chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

  • cur chun feidhme níos fearr a chinntiú agus dul chun cinn a rianú
  • eolas, maoiniú agus infheistíochtaí a fheabhsú
  • urraim níos fearr a thabhairt don nádúr sa chinnteoireacht phoiblí agus ghnó

Bearta a thabhairt isteach chundul i ngleic le dúshlán domhanda na bithéagsúlachta

Léireofar leis na bearta sin go bhfuil an tAontas réidh le dea-shampla a thabhairt chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim dhomhanda na bithéagsúlachta. Go háirithe, oibriú i dtreo creat bithéagsúlachta domhanda uaillmhianach a ghlacadh go rathúil faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch.

Implementation

Two online tools track progress in implementing the strategy

  • an online actions tracker provides up-to-date information on the state of implementation of the strategy’s many actions
  • a targets dashboard shows progress to the quantified biodiversity targets set by the Strategy, at the EU level and in the Member States

Amlíne

Gníomhaíochtaí a bhí ann roimhe seo agus a bheidh ann amach anseo

  1. Eanáir 2020
    Seoladh an chomhairliúcháin phoiblí maidir le spriocanna athchóirithe dúlra

    Glac páirt sa chomhairliúchán poiblí anseo.

  2. 20 Bealtaine 2020
    Straitéis bithéagsúlachta an Aontais do 2030 a fhoilsiú

Na Meáin

LinkedIn live leis an gCoimisinéir Virginijus SINKEVIČIUS ar Straitéis Bhithéagsúlachta 2030 an Aontais agus ar théarnamh glas na hEorpa.

 

Latest news