
Déanann truailliú dochar dár sláinte agus dár gcomhshaol. Tá sé ar an gcúis chomhshaoil is mó le go leor galair mheabhrach agus fhisiceacha agus le básanna anabaí, go háirithe i measc leanaí, daoine a bhfuil riocht sláinte áirithe orthu agus daoine scothaosta.
Chomh maith leis an tionchar a bhíonn ag an truailliú ar shláinte daoine, tá sé ar cheann de na príomhchúiseanna le cailliúint na bithéagsúlachta. Laghdaíonn sé cumas na n-éiceachóras seirbhísí amhail ceapadh carbóin agus dí-éilliú a sholáthar.
Is láidre anois cás sláinte poiblí, cás morálta agus cás socheacnamaíoch an Aontais ná riamh chun ceannaireacht a thabhairt i dtaca leis an gcomhrac domhanda in aghaidh an truaillithe.
An 12 Bealtaine 2021 ghlac an Coimisiún Eorpach Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’ (agus iarscríbhinní) – príomhaidhm insoláthartha den Chomhaontú Glas don Eoraip. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus páirt a ghlacadh i gcur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta trí Ardán Gheallsealbhóirí an Truaillithe Nialasaigh.