Skip to main content
Environment

An clár gníomhaíochta don chomhshaol go dtí 2030

Beidh an 8ú clár gníomhaíochta don chomhshaol ina threoir ag beartas comhshaoil na hEorpa go dtí 2030

Cuspóirí

Tá sé d’aidhm ag togra le haghaidh an 8ú CGC dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar atá aeráidneodrach, athghiniúnach agus tíosach ar acmhainní, ar geilleagar é a thugann níos mó ar ais don phláinéad ná mar a bhaineann sé de. Aithníonn sé go mbíonn folláine agus rathúnas an duine ag brath ar na héiceachórais fholláine ina mbímid ag feidhmiú.

Cuireann an 8ú CGC leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus tá na sé chuspóir tosaíochta seo a leanas ag gabháil leis

  • sprioc 2030 a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050
  • feabhas a chur ar an acmhainneacht oiriúnaitheachta, an athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú
  • oibriú i dtreo samhail fáis athghiniúnaigh, an fás eacnamaíoch a scaradh go hiomlán ó úsáid acmhainní agus ó dhíghrádú an chomhshaoil, agus dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach
  • saothrú a dhéanamh ar an uaillmhian maidir le truailliú nialasach, lena n-áirítear maidir leis an aer, an t-uisce agus an ithir, agus sláinte agus folláine mhuintir na hEorpa a chosaint
  • an bhithéagsúlacht a chosaint, a chaomhnú agus a athchóiriú, agus an caipiteal nádúrtha a fheabhsú (go háirithe an t-aer, an t-uisce, an ithir, agus na héiceachórais foraoise, fionnuisce, bhogaigh agus mhuirí)
  • laghdú a dhéanamh ar na brúnna ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a bhaineann le táirgeadh agus tomhaltas (go háirithe i réimsí an fhuinnimh, na forbartha tionsclaíche, na bhfoirgneamh agus an bhonneagair, na soghluaisteachta agus an chórais bia)

D'fhonn a thomhas agus a chur in iúl an bhfuil ag éirí linn na cuspóirí sin a bhaint amach, moltar creat faireacháin nua a chur ar bun faoin togra le haghaidh an 8ú CGC. Cabhróidh sé sin leis an Aontas agus lena chuid Ballstát a chinneadh a mhéid atáimid ag maireachtáil go maith laistigh de theorainneacha an phláinéid.

Enabling framework

In line with the European Green Deal’s oath to ‘do no harm,’ the 8th EAP supports an integrated approach to policy development and implementation. Article 3 of the action programme sets out the enabling conditions needed to achieve the priority objectives. Among others, it highlights the need for

  • a full implementation of existing legislation
  • significantly decreasing the Union’s material and consumption footprints
  • achieving environmental fairness
  • boosting sustainable finance
  • making use of economic and tax incentives to facilitate the sustainability transition
  • phasing out fossil fuel subsidies
  • developing a summary ‘beyond GDP’ dashboard
  • uptake by and cooperation at all levels of policy-making between different levels of actors
  • harnessing the potential of digitalisation
  • ensuring that policy action is firmly anchored in latest science and knowledge  

Monitoring and reports

On 26 July 2022, the Commission adopted a list of headline indicators to monitor progress towards the EU’s environment and climate goals, as foreseen in the 8th Environment Action Programme (EAP). This monitoring framework will inform European citizens about the impact of EU climate and environmental policy and facilitate an exchange between policy-makers on where further efforts are needed, in order to stay within the safe and just limits of our planet. The headline indicators follow the structure of the 8th EAP building on the European Green Deal.

In line with the article 4.4 of the 8th EAP and as outlined in the Communication, the Commission, supported by the European Environment Agency (EEA) and the European Chemicals Agency (ECHA) monitors, assesses and reports annually on progress on the priority objectives. A mid-term evaluation will be published by 31 March 2024, and a full evaluation by 31 March 2029. This will be followed, if appropriate, by a proposal for the next environmental action programme by 31 December 2029.

The European Parliament, the Council of the European Union and the Commission exchange views annually, based on the reports, on actions taken, and possible future actions.

Amlíne

Gníomhaíochtaí a bhí ann roimhe seo agus a bheidh ann amach anseo

  1. 2021 (le deimhniú)
    Glacadh an 8ú CGC
  2. 2021
    Comhairliúchán an Choimisiúin maidir leis an gcreat faireacháin le táscairí ceannlíne

    Mar chuid den ullmhúchán do chreat faireacháin le táscairí ceannlíne don 8ú CGC, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara seachtracha – tuilleadh eolais anseo. 

  3. 14 Deireadh Fómhair 2020
    An togra le haghaidh an 8ú CGC curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach
  4. 20 Samhain 2013
    Glacadh an 7ú CGC

    Tá tuilleadh eolais faoi stair an Chláir Gníomhaíochta don Chomhshaol le fáil ar shuíomh gréasáin an 7ú CGC.

Réimsí beartais

  • Aer: Gníomhaíocht an Aontais chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus truailliú an aeir a laghdú.
  • Ceimiceáin: Gníomhaíocht an Aontais lena chinntiú go bhfuil ceimiceáin sábháilte don tsláinte agus don chomhshaol.
  • An geilleagar ciorclach: Aistriú an Aontais chuig geilleagar ciorclach ina bhfuil béim ar an bhfás glas.
  • Tionscal: Gníomhaíocht an Aontais chun an tionscal a dhéanamh níos inbhuanaithe agus chun astaíochtaí tionsclaíocha a laghdú.
  • An timpeallacht mhuirí agus chósta: Gníomhaíocht an Aontais chun cóstaí, farraigí agus aigéin na hEorpa a chosaint.
  • An dúlra agus an bhithéagsúlacht: Gníomhaíocht an Aontais maidir le caomhnú agus cosaint an chomhshaoil.
  • Torann: Gníomhaíocht an Aontais chun truailliú comhshaoil ó thorann a laghdú.
  • Plaistigh: Gníomhaíocht an Aontais maidir le táirgeadh agus truailliú plaisteach chun cur le geilleagar ciorclach.
  • Ithir agus talamh: Gníomhaíocht an Aontais maidir le húsáid inbhuanaithe na hithreach agus na talún.
  • An fhorbairt inbhuanaithe: Gealltanas an Aontais don fhorbairt inbhuanaithe san Eoraip agus ar fud an domhain.
  • An timpeallacht uirbeach: Gníomhaíocht an Aontais chun inbhuanaitheacht chathracha na hEorpa a chur chun cinn.
  • Dramhaíl agus athchúrsáil: Gníomhaíocht an Aontais maidir le bainistiú, cóireáil agus athchúrsáil dramhaíola.
  • Uisce: Gníomhaíocht an Aontais maidir le saincheisteanna uisce chun acmhainní uisce a chosaint.

Doiciméid

17 FEABHRA 2021
8th Environment Action Programme Proposal
English
(272.55 KB - PDF)
Íoslódáil
17 FEABHRA 2021
Consultative paper on the proposed approach and architecture for the 8th EAP monitoring framework
English
(1.14 MB - PDF)
Íoslódáil
17 FEABHRA 2021
Study to support the development of a monitoring framework for the Eighth Environment Action Programme (8EAP)
English
(879.7 KB - PDF)
Íoslódáil